Maidir le GBCN
Soláthraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas do Rialtas na hÉireann. Gníomhaireacht aonfheidhme a bhainistigh an Fiachas Náisiúnta ab ea é, ach anois is gníomhaireacht é a bhainistíonn punann chasta sócmhainní agus dliteanas poiblí.
I measc na ngnóthaí a bhainistíonn GBCN tá iasachtaíocht thar ceann an Státchiste agus bainistiú a dhéanamh ar an bhFiachas Náisiúnta, An tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh (“RÉNua”), An Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta, an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, an Ciste um Éire sa Todhchaí agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistiú Sócmhainní, do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann agus do Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann.
Maidir le RÉNua
Cuireann RÉNua lárionad tiomnaithe saineolais airgeadais chorparáid...